Gaelscoil na nDéise

Schools Description

Tá cúrsaí spóirt tar éis fás agus forbairt ó bhunaíodh Gaelscoil na nDéise i 1996. Le cúrsaí peile agus iománaíochta mar bhunchloch dár ndaltaí ó 2005 ar aghaidh, ba mhinic a bhíomar ag tar- raingt cailíní agus buachaillí le chéile chun foireann bheag a dhéanamh! Agus an scoil ag fás, tá sé go hiontach an suim atá ag na páistí i gcúrsaí spóirt a fheiscint ag forbairt leis.

Gaelscoil na nDéiseLe foirne idir cailíní agus buachaillí sa pheil agus san iomáint, feicimid an taitneamh agus an tairbhe a bhaineann na páistí as na sraitheanna éagsúla. D’éirigh leis na hiománaitheoirí fé 13 Craobh Chumann na mBunscol a shroicheadh trí uaire agus táimid an-bhródúil astu dá bharr. I mbliana, d’éirigh leo an chraobh a bhuachaint agus bhí an-cheiliúradh ar siúl i nGaelscoil na nDéise i ndiaidh an éacht iontach a bhain siad amach! Bhíodar chomh sásta agus sona is bhí sé go hiontach gur lean siad ar aghaidh ag traenáil go dian díograsach chun an corn a fháil. Níos tábhachtaí ná sin, bhí na leaids dea-bhéasach agus bhí meas acu ar na buachaillí eile le linn na sraithe. Bíonn tionchar iontach ag an spórt ar na daltaí slite difriúla.

Gan dabht, ní fhéadfadh sé seo go léir tarlúint gan cabhair ónár bpríomhoide Marc a thugann tacaíocht i gcónaí dúinn ó thaobh cúrsaí spóirt de. ‘Sé Marc a thóg na leaids chomh fada leis an gCraobh trí bliana in aghaidh a chéile is leis an traenáil iontach a bhí ar siúl aige d’éirigh leo an chraobh a bhuachaint i mbliana. Anuas ar sin, bíonn dearcadh iontach dearfach ag na múinteoirí eile sa scoil i leith an CLG- cabhraíonn siad leis an traenáil, leis an maoirseacht agus araile agus táim fíor bhuíoch astu as ucht na tacaíochta a thugann siad domsa is do na páístí. Ní dhéanfaimid dearmad ar na tuismitheoirí iontacha a thiomáineann na páistí chuig na cluichí éagsúla agus a níonn na héadaí spóirt gan gearán- míle buíochas!! ‘Ar scáth a chéile a mhaireann daoine’.

Buachaillí Fé 13 (iománaíocht) i bPáirc Uí Bhreathnaigh 2011

I mbliana, bhí deis ag Aaron Uidheas i rang 6 peil a imirt ar fhoireann bhunscoile Chontae Phort Láirge. Roghnaíodh é de bharr a scileanna peile iontacha is don tallann a thaispeáin sé ar an bpáirc ag na trialacha i nDún Aill i Mí an Mheithimh 2011. D’imir sé le Port Láirge i gcoinne Corcaigh ag leath ama nuair a bhí foireann shinsireach Phort Láirge ag imirt i gcoinne Corcaigh i gCraobh na Mumhan i bPáirc Uí Chaoimh ar an 5ú Meitheamh 2011. Comhghairdeas leat a Aaron!

Gaelscoil na nDéiseAnuas ar sin, roghnaíodh Mollie Chester i rang 6 chun camógaíocht a imirt le foireann bhunscoile Phort Láirge chomh maith. Agus mé ag scríobh, tá Mollie ag traenáil agus ag ullmhú chun cluiche a imirt ag leath ama i bPáirc Uí Chaoimh ar an 10ú Iúil 2011 nuair a bheidh foireann chamógaíochta Phort Láirge ag imirt i gcoinne Tio- braid Árann i gCraobh na Mumhan. Go néirí go geal leat a Mhollie!

Is é ár mana ná deis a thabhairt do pháistí spórt a imirt agus spraoi a bhaint as i suíomh taitneamhach i measc a gcomhghleacaithe. Tá an síol curtha anois agus tá súil againn go leanfaidh na páistí ar aghaidh ag imirt peile is iománaíochta nuair a fhágann said Gaelscoil na nDé- ise.