Gaelscoil Phort Láirge

Schools Description

An bua ag na Buachaillí ó Ghaelscoil Phort Láirge san iomáint fé 11.

Roimh na Nollag i 2010 bhí foireann na mbuachaillí fé 11 i gcraobh peile i bPáirc an Bhreathn- aigh. Don chuid is mó acu dob é seo an chéad uair dóibh cluiche ceannais a imirt ar an bhfód uasal sin. Bhí chuid mhaith acu san áit sin idir eagla, neirbhís agus sceitimíní ar an lá. Lena muintir ar fad ag féachaint orthu, bhí an ócáid ró dhian orthu agus níor éirigh leo imirt chomh maith is a bhí iontu imirt. Ba chuma leo éisteacht leis an seanfhocal faoi laethanta eile a bheith ag an bPaorach, bhíodar uilig croíbhriste. Bhí an chuid acu tar éis droch-laethanta a chaitheamh ag leanúint iománaithe agus peileadóirí an chontae, i bPáirc an Chrócaigh nó Páirc Uí Chaoimh ach bhí an ceann seo níos déine ar fad orthu.

De bharr go bhfuil roinnt leanaí ón scoil ag imirt le clubanna atá láidir san iomáint ar nós Baile Mhic Gonair, an Pasáiste agus Cnoc Síon, bhí dearmad déanta ar an gcraobh peile sin nuair a thosaigh an comórtas iomána. Is ceart creidiúint a thabhairt do na traenálaithe sna cumainn iománaíochta seo mar go bhfuil ard chaighdeán ag roinnt do na buachaillí sna bunscileanna iomána. Cosúil le an chuid scoileanna sa chathair áfach, bhí buachaillí ar an bpainéal chomh maith nach n-imríonn ach leis an scoil agus nach bhfuil an deis acu na scile- anna a chleachtadh. Is leis an meascán seo a rinne Pádraig Ó Hartaigh a chuid traenáil ag na sosanna, sa pháirc nó sa halla.

Buachaillí ó Ghaelscoil Phort LáirgeNuair a thosaigh na cluichí bhí sé soiléir go raibh foireann maith againn ach nuair a chuamar amach go bPort Lách, thángamar ar iománaithe a bhí den scoth. Bhí an t-ádh dearg linn buacaint orthu agus nuair a chualamar go rabhamar ag bualadh leo sa chraobh, bhí a fhios againn go mbeadh ard choimhlint ann.

Ar an lá mór bhí iománaithe ó rang 3 go rang 5 ar an bhfoireann agus iad roghnaithe ar a gcaighdeán scileanna. Rud amháin a thug mise faoi deara ná go raibh gach duine ar a suaimhneas. N’fheadar arbh é go raibh taithí acu ar an lá mór, ach pé scéal é, bhí cuma socair orthu i gcomparáid leis an bhfoireann ó Phort Lách. Bhí beirt láidir i lár na páirce, Jaic Mc Gearailt agus Alan O Ciarbháin a bhí i gcónaí gníomhach agus i mbun oibre. Le Mícheál O Cuimín sa chúl, bhí captaen na foirne, Eoin O Conchubhair i gceannas ar Ben O Conchub- hair, Maitiú O Donnaile agus Micheál O Suilleabháin sna cúlaithe. Chun tosaigh bhí Eoin de Paor, a fuair cúl iontach, Jaic Mac Piarais, Lúc ó Dúill agus Seán O Mhaolalaidh. I measc na fir ionad a bhí ag imirt i rith an chomórtais bhí Shane Mac Cormaic, Cillian O Druacháin, Colm Garland, Seán Mac Aodha, Micheál Mac Gráinne agus Conor Mac Fhloinne.

Bhí cluiche maith spórtúil ann le scóranna maithe ar an dá thaobh. Bhí Gaelscoil Phort Láirge chun tosaigh go luath sa cluiche agus níor scaoileadh le Port Lách teacht ar ais. Nuair a shéid an fheadóg dheireanach, bhí an bua ag lucht na gaelscoile. Bhí lúcháir ar an lucht leanúna a thug tacaíocht den scoth agus a bhain ard taitneamh as an gcluiche. Agus é ag glacadh an choirn, gabh captaen na foirne buíochas leis na tuismitheoirí, na h-iománaithe ó Phort Lách agus bhí focal buíochais speisialta aige do Mháistir Pádraig a stiúraigh iad lena stíl dearfach.