Gaelscoil Philib Barún

Schools Description

Iomáint Peil agus Gaeilge i nGaelscoil Philib Barún.

Ó bhunaíodh Gaelscoil Philib Barún i 1985 tá cluichí dúchasacha na tíre mar chuid lárnach de shaol na scoile.

GaelscoilPhilib BarúnBhi sé de mheon láidir againn i gcónaí páirt a ghlacadh i ngach comórtais is cuma faoin iomaíocht. Is cuimhin le baill foirne nuair a ghnóthaíodh an chéad cúl tar éis roinnt cluichí tosaigh gur chaith cúil bháire na bhfoirne níos mó ama ag cuardach sliotar sleamhnaithe tríd a gcosa siar san eangach ná sárú urchar.

Mhúin sé umhlaíocht dúinn pé’r domhan é agus chuir sé an rannphartaíocht in uachtar príorachta. Mar sin an gaisce is mó a chéiliúraimid ná gur ghlac an scoil páirt i ngach comór- tas de Chumann na mBunscol idir peil, iomáiniocht, camógaíocht agus peil na gcailíní agus gur eirigh linn foirne a chur amach le daltaí orthu nach raibh ag imirt lena gclubanna. Ba ag an nGaelscoil a thosaigh agus ar ndóigh críochnaigh gairm spóirt roinnt daoine, ach nach méanar dóibh a bhfuair an deis a gcluichí náisiúnta a thrialadh sa bhunscoil.

Tá roinnt comórtais buaite againn go háirithe iomáiníocht agus neart imreoirí a d’imir ar foirne an Primary Game. I mbliana tá na cailíní tar éis trí chraoibh a shroichint a bhuí leis an an obair atá á chur isteach againn le níos mó daltaí nach n-imreodh cluiche in aon chor a mhealladh amach ag traenáil.

Faoi láthair bíonn traenáil ag daltaí sa scoil ceithre lá sa tseachtain agus deantar freastal ar caílíní agus buachaillí ó rang 1-6. Múinteoir Orla Chéitinn, gur as Co. Luimní di, a thógann na cailíní agus déanann Múinteoir Ben Mac Caoilte, (cat mallaithe, go maithimid dó é) agus Múin- teoir Daithí de Paor plé leis na buachaillí. Tá caidreamh láidir againn leis CLG Mhicheál Mac Craith agus tagann traenálaithe isteach go rialta le grúpai beaga a thógaint. Tá ár bpáirc bheag againn féin ach le cluichí scoile a imirt tá fáil éasca againn ar fhaiche CLG na Trá Móire.

Is mór linn ár gluichí náisiúnta á n-imirt agus teanga ársa na nDéise le clois ar an bhfaiche imeartha agus ón dtaobh líne. Ní raibh an scoil rófhada bunaithe nuair a thógamar scaite dalta go dtí Faiche an Chanónaigh taobh leis an séi- péal sa Trá Mhór le dreas traenála a dhéanamh. Stop fear chun féachaint ar an dtalainn ar thaispeánt. Bhíos féin mar mhúinteoirr ag gríosadh na n-iomáinithe as Gaoluinn nuair a thainig an fear uasal fá mó dhéin d’ár moladh ní as ár scileanna iomána ach as an nGaeilge a bhí ag na daltaí. Ní thogfainn morán ceann dena lethéid murach gur iar-uachtarán Chumann Luthchleas Gael a bhí ann, Pádraig Ó Bugaí. D’eascraigh Cumann Lúthcleas Gael ón Athbheochan Cúltúrtha ag deireadh an naoiú aois déag agus ba gluaiseacht cúltúrtha chomh maith le spóirt é.

Is iontach an deis ata againn sa Ghaelscoil aidhmeanna bunaitheoirí an Chumainn a thab- hairt faoi bhláth ar bhonn níos leithne ná mar a shlamhnaíodh don Cíosógach fiú. Go háirithe nuair a fheiceann tú daltaí de bhunadh Aifrice ag imirt iomáiníochta i ngeansaithe na Gaelscoile agus Gaeilge á labhairt acu

Gur fada buan na cluichí gaelacha sna Gaelscoileanna. Gur fada buan Cumann na mBunscol